Tuesday, March 2, 2010

Aiste TS.

Ceolchoirm
E Céitinn

Is maith is cumhin liom an cheolchoirm sin. Dúradh gurbh é ceolchoirm na bliana é. Is minic a thagann sé suas sa chaint is muid ag cogarnáil le chéile. Dála an scéil, is mise Siobhán, mac léinn choláiste phadraig, Bailefionn. D’fhéadhfá a rá go raibh méi mo chailín ciúin, cúthalach sular bhuail mé leis an oíche cinnúnach sin. Éisean ba chúis leis, a dúradh, Éisean a chur mé ar strae a dúradh, Éisean a tharraig drochcháil orm is mé r tí mo theastas sóisearach a dhéanamh.
Ach, an raibh sé d’aon ghnó? Ar tharla sé gan choinne nó an raibh plean aige? Déarfadh dao áirithe go raibh síol an oilc ionam agus gurb iad na muice cúine a itheann an mín. Ráimise a deirimse, ní raibh an locht ar éinne. Ba thoil Dé é, B’é mo chuinnint.

Cúig bhliana déag d’aois a bhí mé ag an am, agus cheap mé go raibh mé aibí go leor chun freastal ar cheolcoirm na scoile. Néal codalta ní bhfuair mé an oíche roimhe. Bhí mé g tnúth leis an gceolchoirm, is ar éigean a bhí mé in ann fannacht.

D’éalaigh mé amach fuinneog mo sheomra I ngan fhios do mo mhathair. Ni thabharfadh sí cead dom dul aon áit go dtí go raibh na scrudaithe thart. Bean údarasach ab ea í is níor thuig sí meon an déagóra. Bhí orm mo fhod a sheasamh, bhí orm dul amach. Bheartaigh mé mo sciorta ghearr a chaitheamh I dteannta le mo bhuiaitisí fada leathar.

Go gairid ina dhiaidh sin shroich mé geataí na scoile. Is amhlaidh go raibh slua mó ann romham. Chuala mé an dránáil fite fuaite leis an gceol. Isteach liom gan a thuilleadh moille is mé ar bís. An choinne d’áirigh mé é ag stanadh orm, thánaig sé trasana chugham is thosaíomar ag caint. Bhí rud éigean faoi. Conas a raibh a fhios agam go gcuirfeadh sé rud éigin I mo dheoch? Conas a raibh fhios agam go mbeinn i mo staicín áfáise, is go rachainn suas ar an stáitse. Ach b’shin cad a rinne mé. Dúradh go raibh mé i m’óinseach cheart. D’fhoghlaim mé mo cheacht an oiche sin ní labhróidh mé le stráinséirí go deo na ndeor, bheul ag an gcéad disco eile ar aon nós.